FOTHOGHCHÁN LÁR BHAILE ÁTHA CLIATH 2026
TEIMPLÉAD PÁIPÉAR BALLÓIDE - BAILE ÁTHA CLIATH LÁIR
SAORGHLAO - 1800 911 586
Leagtar amach sa teachtaireacht seo na hiarrthóirí don Fhothoghchán do Dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Lárnach ar an 22 Bealtaine 2026 san ord ina bhfuil siad ar an bpáipéar ballóide. Más mian leat an t-eolas seo a chloisteáil i mBéarla, brúigh '1' anois. Más mian leat é seo a chloisteáil i nGaeilge, brúigh '2' anois.
Más vótálaí lagamhairc tú ar mhian leat vóta a chaitheamh faoi rún, cuir ceist ar an Oifigeach Ceannais ag do stáisiún vótála chun teimpléad páipéir bhallóide a cheangal le do pháipéar ballóide.
Is féidir le huimhriú ardaithe agus braille tú a theorú ar an teimpléad chuig na hoscailtí ábhartha a fhreagraíonn do na hiarrthóirí ar an bpáipéar ballóide.
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn d'Uimhir 1 ar an teimpléad páipéir bhallóide ná BOYLAN- SINN FÉIN. Janice Boylan as 44 Cearnóg Parnell Thiar, Baile Átha Cliath 1. Ionadaí Poiblí
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn d'Uimhir 2 ar theimpléad an pháipéir bhallóide ná CORRIGAN - NEAMHPHÁIRTÍ. Tony Corrigan as 99 Plás De Verdon, Bóthar Mhullach Íde,Baile Átha Cliath 17. Aturnae.
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn d'Uimhir 3 ar theimpléad an pháipéir bhallóide ná ENNIS – DAONLATHAIGH SHÓISIALTA. Daniel Ennis as Plás Strandville, An Trá Thuaidh, Baile Átha Cliath 3. Ionadaí Poiblí.
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn don uimhir 4 ar an teimpléad páipéir bhallóide ná FLOOD -NEAMHPHÁIRTÍ. Colm Flood as Bóthar na Móna, Bré, Contae Chill Mhantáin. Mac Léinn.
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn d'Uimhir 5 ar theimpléad an pháipéir bhallóide ná FLYNN-NEAMHPHÁIRTÍ. Mannix Flynn ó 4 Paráid Naomh Caoimhín, Baile Átha Cliath 8. Ealaíontóir/Scríbhneoir.
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn don uimhir 6 ar an teimpléad páipéar ballóide ná HORNER -COMHAONTAS GLAS. Janice Horner ó 1 Cúirt Dhoire Fhíonáin,Paráid Dhoire Fhíonáin, Baile Átha Cliath 7. Ionadaí Poiblí.
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn don uimhir 7 ar an teimpléad páipéar ballóide ná HUTCH. Gerard Hutch ó 9 The Paddock, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath 3. Comhairleoir.
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn don uimhir 8 ar theimpléad an pháipéir bhallóide ná MCADAM –FINE GAEL Ray McAdam ó Sheomra na mBall, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath2. Ard-Mhéara.
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn don uimhir 9 ar an teimpléad páipéir bhallóide ná Ó CEANNABHÁIN – DAOINE ROIMH BHRABÚS – DLÚTHPHÁIRTÍOCHT. Eoghan Ó Ceannabháin 15 Sráid an Mhainéir, Baile Átha Cliath 7. Ceoltóir.
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn don uimhir 10 ar an teimpléad páipéir bhallóide ná O'DEA -PÁIRTÍ AN LUCHT OIBRE. Ruth O’ Dea as Páirc Dhroim Conrach, Baile Átha Cliath 3. Oibrí Pobail.
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn don uimhir 11 ar an teimpléad páipéir bhallóide ná O'LEARY- NEAMHPHÁIRTÍ. John O'Leary as Paidhc na gCiarraíoch, Cathair Chorcaí. Fear gnó.
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn don uimhir 12 ar an teimpléad páipéir bhallóide ná SMYTH – AONTÚ. Ian Noel Smyth as 70 Céide Eanach Mó, Baile Átha Cliath 7. Ailtire.
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn don uimhir 13 ar an teimpléad páipéir bhallóide ná STEENSON - NEAMHPHÁIRTÍ. Malachy Steenson as 23 Sráid Spencer, Bóthar An Trá Thuaidh, Baile Átha Cliath 3. Aturnae.
Is é an t-iarrthóir a fhreagraíonn don uimhir 14 ar an teimpléad páipéar ballóide ná STEPHENS – FIANNA FÁIL. Seán Stiofáin ó Bhóthar na hUaimhe, Baile Átha Cliath 7. Riarthóir Ospidéil.
Scríobh '1' san oscailt ar an teimpléad a fhreagraíonn d'iarrthóir de do chéad rogha; Scríobh '2' san oscailt a fhreagraíonn d'iarrthóir de do dara ceann rogha, agus mar sin de.
Is féidir leat eolas a chur ar na hiarrthóirí ar an bpáipéar ballóide trí theagmháil a dhéanamh leis an uimhir seo chomh minic agus is mian leat roimh lá na vótála. Is féidir leat do chuid fón póca a úsáid freisin in ionad an stáisiúin vótála ar lá na vótála chun teacht ar an eolas seo.
Is féidir sonraí na n-iarrthóirí a fheiceáil freisin ar an bhFógra Vótaíochta ar shuíomh gréasáin an Ceann Comhrimh Chathair Bhaile Átha Cliath ag www.dublincityreturningofficer.com. Anois, déanfar athrá ar an teachtaireacht seo arís.